Ireland’s Presidency of the Council of the European Union: The impact of the EU Constitutional order in shaping law in Ireland.
Forlámhas Dlí an AE
Laistigh de réimsí ina bhfuil inniúlacht ag an AE, tá forlámhas ag dlí an Aontais Eorpaigh ar dhlí na hÉireann; bíonn an lámh in uachtar ag dlí an AE nuair a bhíonn coinbhleacht ann.[1] Leasaíodh Bunreacht na hÉireann chun a chinntiú nach gcuirfí dlíthe atá riachtanach de bharr ballraíochta san AE ar neamhní.[2] Dá bhrí sin, aithnítear forlámhas dlí an AE fiú i gcomhthéacs an Bhunreachta féin.[3] Forbraíodh an prionsabal seo i gcás Costa v ENEL.[4]
Éifeacht Dhíreach
Forbraíodh an prionsabal seo sa chás cinniúnach, Van Gend en Loos.[5] Ciallaíonn éifeacht dhíreach go bhfuil forálacha áirithe de dhlí an AE infheidhmithe go díreach sa dlí náisiúnta, gan gá le hachtacháin bhreise. Mar shampla, is féidir le saoránaigh brath ar fhorálacha atá soiléir agus neamhchoinníollach os comhair na gcúirteanna náisiúnta.[6]
Ról Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Cinntíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) go gcuirtear dlí an AE i bhfeidhm ar an mbealach céanna i ngach Ballstát agus go réitíonn sí díospóidí dlíthiúla idir Ballstáit agus institiúidí an Aontais.[7]
Féadfaidh cúirteanna na hÉireann ceisteanna a chur faoi bhráid na Cúirte le haghaidh réamhrialaithe maidir le léirmhíniú nó bailíocht dlí an AE. Ina theannta sin, éisteann an Chúirt le himeachtaí sáraithe i gcoinne stát a dteipeann orthu a ndualgais AE a chomhlíonadh.
Cearta Bunúsacha (Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh)
Ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm in 2009, tá an Chairt um Chearta Bunúsacha ceangailteach ó thaobh dlí. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh institiúidí an AE agus na Ballstáit cloí leis na cearta sin agus iad ag cur dlí an AE i bhfeidhm.
Dá bhrí sin, in Éirinn caithfear caighdeán na Cairte a urramú nuair a chuireann údaráis phoiblí dlí an AE i bhfeidhm, amhail ceart príobháideachais agus an ceart chun triail chóir.
Príomhthionchar ar Dhlí na hÉireann
Tá tionchar domhain ag ord bunreachtúil an AE ar chóras dlí na hÉireann, go háirithe ar an mBunreacht, ar na cúirteanna, ar an reachtaíocht agus ar an riarachán poiblí.
An Bunreacht:
De bharr fhorlámhas dlí an AE, bhí ar Éirinn a Bunreacht a leasú chun ballraíocht san Aontas Eorpach a éascú. Leis an Triú Leasú in 1972, ceadaíodh ballraíocht sna Comhphobail Eorpacha (anois an AE) agus foráladh nach bhféadfaí dlí an AE, nuair a bheadh sé riachtanach de bharr bhallraíocht an Stáit, a chur ó bhail dlí de bharr an Bhunreachta.[8] De réir Airteagal 29.4, ní ligtear d’aon fhoráil atá sa Bhunreacht dlíthe an AE ar bith ‘a chur ó bhail dlí’ atá riachtanach de bharr na n-oibleagáidí mar chomhalta den Aontas Eorpach.[9]
Chomh maith leis sin, de réir chás Crotty v An Taoiseach,[10] ní féidir conarthaí nua an AE a dhaingniú gan leasú bunreachtúil agus toiliú an phobail trí reifreann. Dá bhrí sin, léirítear cothromaíocht idir comhtháthú Eorpach agus ceannas bunreachtúil na hÉireann.
Na Cúirteanna:
Tá ar chúirteanna na hÉireann lánéifeacht a thabhairt do dhlí an AE agus, i gcás coinbhleachta, dlí náisiúnta a chur ar leataobh.[11] Féadfaidh siad ceisteanna a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de réir Airteagal 267 CFAE chun soiléiriú a fháil ar léirmhíniú nó ar bhailíocht dlí an AE.[12]
Tugtar réamhrialú air seo, agus neartaíonn sé an comhar breithiúnach idir Éirinn agus an tAontas Eorpach. Ina theannta sin, faoi theagasc dhliteanas an Stáit, is féidir leis na cúirteanna an Stát a choinneáil freagrach as teipeanna i gcur i bhfeidhm dlí an AE.
Tionchar ar Reachtaíocht na hÉireann:
Tagann cuid mhór den reachtaíocht in Éirinn go díreach ó dhlí an AE nó déantar í chun oibleagáidí an AE a chomhlíonadh. Sa bhliain 1988, mhaígh Jacques Delors go mbeadh ‘80% de reachtaíocht eacnamaíoch’ de bhunús an Chomhphobail,[13] cé nach bhfuil an figiúr sin dearbhaithe go heimpíreach. Mar sin féin, léiríonn sé an tionchar atá ag dlí an AE ar an gcreatlach reachtaíochta in Éirinn.[14]
Tá ról lárnach ag Acht na gComhphobal Eorpach 1972,[15] a chuireann ar chumas Airí Rialtais éifeacht a thabhairt do threoracha an AE trí ionstraimí reachtúla a dhéanamh. Freisin, glacann an tOireachtas reachtaíocht phríomhúil nuair is gá mar a fheictear san Acht um Chosaint Sonraí 2018.[16] Mar thoradh air sin, tá clár reachtaíochta na hÉireann múnlaithe go mór ag forbairtí an AE.
Tionchar Cáilíochtúil – Nuachóiriú agus Caighdeáin
Tá reachtaíocht na hÉireann nuachóirithe trí chaighdeáin choiteanna Eorpacha a thabhairt isteach. Tá dlí na hÉireann i réimsí amhail an comhshaol, cosaint tomhaltóirí agus comhionannas neartaithe go suntasach mar thoradh ar dhlí an AE.[17] Cé go leagann an tAontas Eorpach bunchaighdeáin dhlíthiúla síos, léiríonn an taighde gur ghlac Éire ról gníomhach i bhforbairt dlí, agus gur leathnaigh sí i roinnt réimsí níos faide ná na híosriachtanais sin trí thionscnaimh náisiúnta.[18] Chomh maith leis sin, cuireann spriocdhátaí agus imeachtaí sáraithe brú ar an Stát reachtaíocht a chur i bhfeidhm go tráthúil.[19]
Srian Bunreachtúil:
Mar a luadh níos túisce, ní féidir Achtanna atá riachtanach de bharr dlí an AE a chur ar neamhní toisc go bhfuil siad contrártha don Bhunreacht.[20] Mar sin, má achtálann an tOireachtas dlí chun oibleagáid AE a chomhlíonadh, tugtar cosaint áirithe dó ar dhúshlán bunreachtúil.
Mar sin féin, déanfaidh cúirteanna na hÉireann scrúdú lena chinntiú go bhfuil an dlí sin fíor-riachtanach de réir oibleagáidí an AE, ós rud é go mbaineann cosaint Airteagal 29.4.6° leis an méid atá ‘riachtanach’ amháin.[21]
Spreagann an dinimic seo an tOireachtas chun a chur in iúl go soiléir go bhfuil reachtaíocht a bhaineann leis an AE ceangailte le hoibleagáidí ballraíochta. Is minic a luaitear san Acht féin go bhfuil sé ‘chun éifeacht a thabhairt do Threoir XYZ’. Déantar é seo chun leas a bhaint as an gcosaint a thugann Airteagal 29.4 don Bhunreacht.
Tionchar ar Riarachán Poiblí
Oibleagáid Dlí an AE a Chur i bhFeidhm agus a Fhorfheidhmiú:
Tá údaráis phoiblí na hÉireann (ranna rialtais, gníomhaireachtaí rialála, agus údaráis áitiúla) ar thús cadhnaíochta maidir le dlí an AE a chur i bhfeidhm. Caithfidh siad rialacháin an AE agus na dlíthe náisiúnta a thrasuíonn treoracha an AE a riar agus a fhorfheidhmiú.
Tá ar riarachán poiblí na hÉireann na scileanna riachtanacha a fhorbairt chun riachtanais an AE a chur i bhfeidhm go praiticiúil, amhail íocaíochtaí talmhaíochta agus cigireachtaí sláinte agus sábháilteachta.[22] Má theipeann ar an riarachán dlí an AE a chur i bhfeidhm i gceart, féadfaidh an Coimisiún Eorpach imeachtaí sáraithe a thionscnamh.[23]
Eorpú na Seirbhíse Poiblí:
Mar gheall ar bhallraíocht san AE, ní mór do riarachán poiblí na hÉireann idirghníomhú go rialta le hinstitiúidí agus próisis an Aontais.[24] Glacann státseirbhísigh páirt i ngrúpaí oibre de chuid Chomhairle an AE chun reachtaíocht a mhúnlú, agus ina dhiaidh sin caithfear rialacháin a dhréachtú chun í a chur i bhfeidhm.[25] Tá gá leanúnach le saineolas dlí i gcúrsaí an AE laistigh de ranna rialtais agus tá comhlachtaí amhail an Coimisiún um Chosaint Sonraí lárnach i bhforfheidhmiú dlí an AE.
Cuireann Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an AE sa bhliain 2026 leis an rannpháirtíocht seo tuilleadh, go háirithe i gcomhthéacs caibidlíochtaí reachtaíochta agus comhordaithe forfheidhmithe.[26] Freisin, téann oifigigh Éireannacha i gcomhairle go rialta le treoirlínte agus cásdlí an AE chun comhlíonadh a chinntiú.
Cuntasacht Riaracháin agus Cearta:
Tá bealaí nua tugtha ag dlí an AE do dhaoine aonair chun dúshlán a thabhairt do ghníomhartha riaracháin .[27] Is féidir le cónaitheoirí gearán a dhéanamh chuig an gCoimisiún Eorpach má sháraítear dlí an AE. Ar leibhéal intíre, féadfar cinntí riaracháin a athbhreithniú chun comhlíonadh a chinntiú, go háirithe i gcásanna a bhaineann le dlí an AE. Tá ról lárnach ag Cairt um Chearta Bunúsacha an AE, a éilíonn go n-urramófar prionsabal na comhréireachta agus cearta amhail neamh-idirdhealú agus an ceart éisteachta.
Oiriúnú Beartais Phoiblí:
Mar gheall ar an ngá le treoracha an AE a chur i bhfeidhm, forbraíodh struchtúir agus beartais nua i rialachas na hÉireann.[28] Mar shampla, spreag treoracha comhshaoil an AE bunú nósanna imeachta Measúnaithe Tionchair Timpeallachta agus rialtóirí neamhspleácha.[29]
Chuir rialacha soláthair an AE iallach ar údaráis phoiblí cleachtais níos trédhearcaí a ghlacadh.[30] Chomh maith leis sin, bunaíodh comhlachtaí cosúil leis an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí chun oibleagáidí AE a chomhlíonadh.[31] Ar an iomlán, tá obair laethúil an riaracháin phoiblí fite fuaite le beartais an AE. Mar thoradh air sin, tá an tseirbhís phoiblí níos rialaithe, níos trédhearcaí agus níos comhtháite leis an gcóras Eorpach.[32]
Conclúid
Mar fhocal scoir, is léir go bhfuil tionchar as cuimse ag ord bunreachtúil an Aontais Eorpaigh ar fhorbairt agus ar fheidhmiú dhlí na hÉireann. Tá prionsabal na príomhachta agus prionsabal na héifeachta dírí tar éis athrú bunúsach a dhéanamh ar an gcaidreamh idir dlí náisiúnta agus dlí an Aontais. Ina theannta sin, tá ról na gcúirteanna, na reachtaíochta agus an riaracháin phoiblí athshainithe laistigh de chreat dlí il-leibhéil . Ní hamháin go léirítear an tionchar seo i bhforálacha dlí, ach léirítear freisin é i gcleachtas agus i gcultúr dlíthiúil na hÉireann.
Agus Éire ag glacadh le hUachtaránacht an AE in 2026, léirítear a tiomantas don smacht reachta agus a ról mar rannpháirtí lárnach i múnlú ord dlí an Aontais. Sa deireadh thiar, léiríonn taithí na hÉireann go bhféadfaidh ord bunreachtúil an AE agus ceannas náisiúnta comhoibriú go héifeachtach, rud a chruthaíonn córas dlí atá níos comhtháite, níos dinimiciúla agus níos freagrúla ar dhúshláin chomhaimseartha.
[1] Deirdre Halloran, ‘Understanding EU Law’ in Research Matters: Key Insights for the 34th Dáil & 27th Seanad (Oireachtas Library & Research Service 2025) 70 <https://data.oireachtas.ie/ie/oireachtas/libraryResearch/2025/2025-04-02_understanding-eu-law_en.pdf> ar a ndearnadh rochtain 16 Feabhra 2026.
[2] Bunreacht na hÉireann, Airt 29.4.6°.
[3] European e-Justice Portal, ‘National Legislation – Ireland’ <https://e-justice.europa.eu/topics/legislation-and-case-law/national-legislation/ie_en> ar a ndearnadh rochtain 18 Feabhra 2026.
[4] Case 6/64 Costa v ENEL [1964] ECR 585.
[5] Case 26/62 Van Gend en Loos v Nederlandse Administratie der Belastingen [1963] ECR 1.
[6] Halloran (n 1) 69.
[7] An tAontas Eorpach, ‘Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh’ <https://european-union.europa.eu/institutions-law-budget/institutions-and-bodies/search-all-eu-institutions-and-bodies/court-justice-european-union-cjeu> ar a ndearnadh rochtain 16 Feabhra 2026.
[8] Airt 29.4.6° (cuireadh isteach ar dtús mar Airt 29.4.3° leis an Acht um an Triú Leasú ar an mBunreacht 1972).
[9] Airt 29.4.6°.
[10] Crotty v An Taoiseach [1987] IESC 4, [1987] IR 713.
[11] Costa v ENEL (n 4); Case 106/77 Amministrazione delle Finanze dello Stato v Simmenthal SpA [1978] ECR 629, paras 21–24.
[12] Consolidated Version of the Treaty on the Functioning of the European Union [2012] OJ C326/47, art 267.
[13] Debates of the European Parliament, Nó 2-367 (6 Iúil 1988) 140 (Jacques Delors) (m’aistriúcháin féin).
[14] Halloran (n 1) 69.
[15] European Communities Act 1972, s 3.
[16] Data Protection Act 2018.
[17] Ursula Barry, Review and Reform of EU Equality Law: Ireland (UCD 2003); S O’Neill, Environmental Justice in Ireland (DCU 2022); Mark Bell, ‘An Interactive Relationship: Equality, Ireland, and EU Law’ (Verfassungsblog, 23 March 2023) <https://verfassungsblog.de/an-interactive-relationship/> ar a ndearnadh rochtain 20 Márta 2026.
[18] Barry (n 17) 2.
[19] Department of Foreign Affairs, ‘Implementation of EU Law in Ireland’ <www.ireland.ie/en/eu/implementation-of-eu-law-in-ireland/> ar a ndearnadh rochtain 28 Márta 2026.
[20] Airt 29.4.6°.
[21] Gerard Hogan, ‘Ireland: The Constitution of Ireland and EU Law: The Complex Constitutional Debates of a Small Country’ in Anneli Albi and Samo Bardutzky (eds), National Constitutions in European and Global Governance: Democracy, Rights, the Rule of Law: National Reports (TMC Asser Press 2019) 1328, 1331 (m’aistriúcháin féin).
[22] European Commission, ‘Implementing EU Law’ <https://commission.europa.eu/law/application-eu-law/implementing-eu-law_en> ar a ndearnadh rochtain 28 Márta 2026; OECD, Better Regulation Practices across the European Union 2025 (OECD Publishing 2025) ch 4.
[23] European Commission, ‘Infringement Procedure’ <https://commission.europa.eu/law/application-eu-law/implementing-eu-law/infringement-procedure_en> ar a ndearnadh rochtain 28 Márta 2026.
[24] Department of Foreign Affairs (n 19).
[25] European Parliament, ‘Legislative Powers’ <www.europarl.europa.eu/about-parliament/en/parliaments-powers/legislative-powers> ar a ndearnadh rochtain 28 Márta 2026; Council of the EU, ‘Council Meetings Explained’ <www.consilium.europa.eu/en/council-eu/council-meetings-explained/> ar a ndearnadh rochtain 28 Márta 2026.
[26] Council of the EU, ‘Presidency of the Council of the EU’ <www.consilium.europa.eu/en/presidency-council-eu> ar a ndearnadh rochtain 28 Márta 2026.
[27] European Commission, ‘Your Fundamental Rights in the EU’ <https://commission.europa.eu/topics/human-rights/your-fundamental-rights-eu/how-report-breach-your-rights_en> ar a ndearnadh rochtain 20 Márta 2026.
[28] Department of Foreign Affairs (n 19).
[29] Directive 2011/92/EU of the European Parliament and of the Council of 13 December 2011 on the assessment of the effects of certain public and private projects on the environment [2012] OJ L26/1.
[30] Directive 2014/24/EU of the European Parliament and of the Council of 26 February 2014 on public procurement and repealing Directive 2004/18/EC [2014] OJ L94/65.
[31] Department of Foreign Affairs (n 19).
[32] Directive 2014/24/EU of the European Parliament and of the Council of 26 February 2014 on public procurement and repealing Directive 2004/18/EC [2014] OJ L94/65.Dir 2014/24/EU.

